July 6 | Oscailte – Ag Tosnú Áras na Gael 6ú lá de Mhí Iúil

Tar éis Oíche Cheoil, siamsaíochta agus ealaíona le daoine óga a bhí againn sa Taibhdearc ar an 15ú lá de mhí Aibreáín beidh muid ag cur níos mó deseanna a súil do daoine óige! Cuirfear tús ar an 6ú lá de mhí Iúil  le togra ceol spreagúil do dhéagóirí ag Áras na nGael i gcomhar le Music Generation Galway agus Raidió Rí Rá. Is í an sprioc atá ag Oscailte san Áras nó deis a thabhairt do dhéagóirí teacht le chéile go seachtainiúil chun dul i mbun ceol a sheinnim trí Ghaeilge, mar aon le ceol a chumadh agus a chur i láthair. Beidh deis ag na ceoltóirí óga ceol a thaifead agus a chraoladh i stiúideo Raidió Rí Rá. Cuirfear fáilte roimh dhéagóirí ó chathair agus contae na Gaillimhe, san aoisghrúpa 12 – 17 bliana d’aois, teacht le chéile gach tráthnóna Céadaoin ó 5.30 – 7.30i.n. Is féidir clárú le páirt a ghlacadh in Oscailte san Áras ach ríomhphost a sheoladh chuig musicgenerationgalwaycity@gretb.ie. Mar chuid de líonra náisiúnta, tá Music Generation Chathair na Gaillimhe á bhainistiú agus á maoiniú go háitiúil ag Bord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, le comhpháirtithe maoinithe áitiúla ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe, Tusla, Foróige, Youth Work Ireland agus Involve . Tá cómhaoiniú á dhéanamh ar Oscailte san Áras ag Áras na nGael le tacaíocht ó Chiste Spreagtha Sheachtain na Gaeilge le Energia agus Conradh na Gaeilge. Má tá aon duine óg ag iarrfaidh senim sa club Oscailte Aras na Gael, teacht ar an 6ú lá de Mhí Iúil agus is feidir na cairde teacht freisin – 5.30i.n.  – 7I.n. Le do thoill Scaipeadh an focail!  Ócáid open-mic as Gaeilge do dhaoine óga idir 14-18. An bhfuil tú ag cleachtadh ceoil nó ag cumadh amhráin i nGaeilge? Seo deis iontach duit do cheol a chur i láthair an phobail. Beidh oideoirí ceoil iar an áthair chun gach tacaíocht a thabhairt duit. Fáilte roimh do chlann, cairde agus comhluadar a bheith i láthair freisin. Má spéis agat a bheith páirteach, seol do shonraí ag: musicgenerationgalwaycity@gretb.ie    
Colm Seoige
Stevie Healey
Feature performer: Sinéad Ann
Orlaith Ní Cheallaigh
Molly Canavan

Leave a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *